Irish for 3rd Level Students

We have many years’ experience in preparing Third level students for their respective exams, including those in Teacher-Training Colleges.
We have found that difficulties with grammar and composition writing ,  and a need for extra conversational classes are the main problems experienced by Third Level students of Irish.

Tá taithí mór againn le linn na mblianta le bheith ag cuidiú  le daltaí tríú leibhéil. Tá cuidiú tugtha againn do na daltaí  siúd le linn dóibh a bheith ag freastail ar chúrsaí traenála  ar son múinteoireachta .  Cuidíonn muid leo lenár gcúrsa gramadaí , lenár gcúrsa teagaisc sa chumadóireacht agus lenár gcuid ranganna cainte.

Is iad na  deacrachtaí  is mó a thugtar faoi deara maidir le fadhbanna daltaí tríú leibhéil ná:  easpa tuisceana I gcúrsaí gramadaí,  cleachtadh cumadóireachta a bheith  de dhíth orthu, agus gá le tuilleadh cleachtadh cainte.

Use good grammar – including the conditional mood and the passive tense when writing discourse;

also of course use convincing argument and be decisive in your conclusion.

AN TIMPEALLACHT  I MBAOL: IS É ÁR BHFADHB IS MEASA FÓS!
            Deirtear go maireann an cine daonna go léir ar scáth a chéile, ach is fíor a rá gur ar scáth a chéile a mhaireann chuile ghné ar dhromchla an domhain. Níl beatha an duine neamhspleách ó bheatha an phlanda. Táirgeann an crann ocsaigin as uisce agus táirgeann an duine carbón dé-ocsaíd sna scamhóga. Cruthaíonn na plandaí ar mbia – cibé slí a ghlacann muid é – as carbón dé-ocsaíd, uisce agus solas na gréine. Tá sé mar an gcéanna maidir leis an ngaol idir plandaí agus feithidí: tairgeann na plandaí neachtar a chothaíonn na beacha, agus déanann na beacha pailniú a ghineann agus a shíolraíonn na plandaí. Is é sin a rá: gan na beacha ní mhairfeadh plandaí, agus gan na plandaí ní mhairfeadh muid.
           
            Nuair a rugadh an domhain I mbroinn na cruinne óige ní raibh an dóthain ocsaigine san atmaisféar chun brat an ózóin a chruthú.  De bharr sin ní thiocfadh le rud ar bith a mhaireachtáil ar thalamh mar gheall ar gathanna nimhneacha na gréine. De réir a chéile áfach mhéadaigh agus leathnaigh feamainn na farraige gur tháirg sé ocsaigin as na tonnta trí bheith in ann uisce a athrú go ocsaigin agus hidrigin. D’éalaigh an ocsaigin aníos san aer gur cruthaíodh brat an ózóin a chosnaíonn an domhan go foil ó gathanna marfacha na gréine. De thoradh sin d’éirigh le plandaí agus ainmhithe den chéad uair éalú as chliabhán na beatha
             Caithfidh an cine daonna glacadh go  bhfuil muid uile faoi chomaoin ag an dúlra ar son maireachtála agus caithfidh muid éirí as a bheith I gcónaí ag déanamh neamairt air. Tá tionsclaíocht ag truailliú an aeir. Tá sé ag nimhiú na baistí le barraíocht aigéid ruibhigh: ionas go dtiteann sé mar leacht marfach ar dhuilleoga na bplandaí, á milleadh is á marú. Tá eisileadh is dramhaíl á ligean amach ó na monarchana ag truailliú na n-aibhneacha: laghdaíonn an truailliú an ocsaigin san uisce ionas go maraítear na héisc. Ní hamháin  go ndéanann muid feall ar an dúlra, mar cuireann muid ár mbeatha féin go díreach I mbaol. Truaillíonn múnlach  agus séarachas soláthar uisce an phobail  le linn tuilte an Gheimhridh  -- de bharr go gceadaítear do thógálaí an bharraíocht tithe a thógáil gan beart ar bith faoi choinne cúram na timpeallachta.
             Dóitear an bharraíocht breosla sna tithe cónaithe í gcomhair teasa, sna monarchana í gcomhair táirgthe; agus sna busanna, na carranna agus na traenacha I gcomhar an chórais taistil.  De thairbhe sin uile tá brat carbón de-ocsaíde á chruthú agus á  méadú de réir a chéile -- sa dóigh is go bhfuil sé faoi láthair ag feidhmiú mar díon tí ghloine os cionn na talún; ag ardú teocht na timpeallachta in aghaidh na mblianta. Chomh maith leis sin, tá léirscrios á dhéanamh ar na foraoisí fearthainne a chruthaíonn an chuid is mó de ocsaigin an aeir agus a athchúrsálann an soláthar riachtanach báistí ar fud na cruinne.  I gcuideachta leis sin, tá muid ag méadú na tréadaí eallaigh thar chimes, agus tá sin ag cruthú an gháis meitéin  – rud atá ag treisiú éifeacht an  tí ghloine.   Tá an t-ózón lochtaithe againn trí bheith ag úsáid aerasóil, ionas go ligtear gathanna contúirteacha na gréine isteach arís.  De bharr ardú teochta talún is farraige tá na brait oighir sa Mhol Thuaidh agus sa Mhol Theas ag leá. De thoradh sin tá cothromaíocht na farraige ag ardú de réir a chéile, agus contúirt ann go dtuilfidh sí cuid de thailte ísle ar fud an domhain..
            Is iad saint agus ábharachas an chine daonna fáthanna na faidhbe. Níl an cine daonna sásta a gcuid chothrom de  thorthaí an domhain a ghlacadh agus ní raibh riamh. Ó tháinig an gné ar a dtugtar “Homo Sapiens” chun cinn ar chrann na beatha, thosaigh sé ag déanamh slada ar gnéithe éagsúla an domhain. Faoi láthair tá an méid gnéithe de ainmhithe agus plandaí atá I gcontúirt ag dul thar cuimse -- de bharr go bhfuil an chine daonna ag cur a gcuid áiteanna dúchais de dhíth orthu. Múna n-athraítear modhanna maireachtála an chine daonna déanfar damáiste buan do chothromaíocht an dúlra, agus íocfaidh ár bpáistí éiric ghéar I gcúiteamh sin sa todhchaí.
              Is eol dúinn uilig cad ba chóir dúinn a dhéanamh! Mhol saineolaithe an cóir leighis dó cheannairí polaitiúla an domhain ag comhdháil Kyoto inar pléadh an t-athrú aeráide roinnt  blianta ó shin:  caithfear an táirgeadh carbón dé-ocsaíd a laghdú go mór agus go práinneach. Má leanfar ar aghaidh ag cruthú tuilleadh carbóin dé-ocsaíde go dtí go n- éireoidh teocht na talún níos mó ná trí chéim I gceann céad bliana beidh an domhan imithe thar an tslí fillte.  Is é an cheist  a éiríonn as seo ná; Cé a dháilfidh amach an leigheas agus cé a ghlacfaidh  é.  Múna ndéanfar an rud a mholtar dúinn beidh an t-uafás I ndán do na glúine atá le teacht – agus dá mhéad a seachnófar an leigheas céanna is é is túisce a thiocfaidh an t-uafás – agus b’fhéidir An Chríoch!

 

 

Try to produce descriptive writing when telling a story ; reaching the conclusion is not the main objective:

IS FEARR RITH MAITH NA DROCH SHEASAMH
 

Bhí an lá ag teacht chun críche. Thuirling an ghrian do réir a chéile anuas ón spear ina cruinn órga gur bádh i ndoimhneacht na mare. Bhí an solas ag tréigeadh an domhain ach bhí gile an lae ag lonradh fós ar imeall na speire.   Mhothaigh an gaineamh te fós faoi bhoinn a cos. Sa choill scáthach bhí an lonn dubh agus an smólach ag ceiliúradh an chlapsholais agus i dtonn aitinn ag barr na háille bhí guairdeall fillte ag cáinteoireacht leis féin faoina chuid eachtraí thar sáile.

Mar cúiteamh as meath na gréine d’éirigh an ghealach ina suí os cionn an t-sléibhe agus réalta beaga ina cuideachta ag fógairt teacht na hoíche. Go ciúin agus go grámhar tháinig leoithne bog gaoithe anuas ón sliabh corcra agus cumhracht an fhraoigh ar a  hanáil. Bhí an taoide aga teacht chun tíre ag líonadh na bpoll so trá íochtar le fuinneamh na dtonn, bhog cuid feamainne a bhí ina suan codlata le linn an lae I gcomhcheol le rithim na farraige. Bhí deifir imníoch agus torann buan tráchta a bhaineann le hábharachas na cathrach  I bhfad I gcéin. Níor bhraith si riamh go raibh an domhain chomh suaimhneach. Shín si amach ar phluid caonaigh ar bharr carriage.

De réir a chéile athraíodh an radhairc, bhí si i na seasamh faoi bhráid scata buachaillí dána. Bhí chuid acu ag pleidhcíocht ag bun an ranga, cuid eile ag titim ina gcodladh , nó ag ligean orthu go raibh; beirt dhiabhail ag spochadh ar a chéile agus buachaill beag cúthail ag caoineadh ar son mháthar. Bhí dúil a tuismitheoirí comhlíonta aici faoi dheireadh: bhí si Ina múinteoir bunscoile. Shuigh si ag an mbord agus ina hintinn shamhlaigh si traein seomraí ranga lán de buachaillí dána ag teacht trasna na mblianta ina coinne.

Baineadh geit aisti: mhúscail si de phreab. Bhí teas deireanach na gréine imithe le fada. Bhí solas airgead na gealaí ag síleadh anuas ó spéir dhiamhair na hoíche. Bhí na héin ina dtost;  i gcodarsnacht sin áfach bhí fuaim na habhann i lár na coille draíochta le cloisteáil  -- ag mealladh uirthi dul leis an sruth.   Ba mhithid di a bheith ag filleadh ar ais ar cúraimí an t-saol.

 

Ach ní fhillfeadh sí go deo.  Bhí ceacht foghlamtha aici ón dúlra.
Bíonn a almóir féin ag achan ghné. Ní sheasann plandaí na talún I gcoinne tonnta na mara: in ionad sin is dual dóibh cloí le barr na haille.   Ní scairteann an sionnach le linn gile an lae, agus ní chanann  an smólach le linn dorchadas na hoíche. Bheadh an t-aistear contráilte aicí dá leanfadh sí ar aghaidh mar a bhí sí: ní raibh sé de dhual dí  a bheith údarásach nó a bheith ag faire ar dhaoine.  Bhí dúil aicí riamh a bheith ina healaíontóir agus dá dtréigfeadh sí a cuid dúile ní bheadh sí comhlíonta ar feadh a saoil.  In ainneoin gur chuir a tuismitheoirí  chun cinn í  de réir mar a thuig siad é, ní throidfeadh sí cath nach mbeadh I ndán dí ach cailleadh faoi dheireadh.

“nárbh fhearr  rith maith ná drochsheasamh!”
 

  AN BREATIMEACHT AGUS ÉIRÍNN


De thoradh an reifrinn I Riocht na Breataine inar glacadh leis an rún go bhfágfadh an stát sin Aontas na hEorpa, tá cuid mhaith neamhchinnteachta faoi chad a tharlóidh ár dTír féin I ndiaidh an bhreatimeachta.   Tá athruithe  móra I ndán do Éirinn maidir le geilleagar na tíre, cúrsaí trádála trasteorann agus an gaol sa todhchaí idir Éirinn  agus an Ríocht Aontaithe.  Beidh an neamhchinnteacht cóir a bheith amhlaidh maidir le gach ceann den sheacht dtír is fiche atá  fágtha faoi láthair ina mbaill den chomhaontas Eorpach.


Le linne dhá bliana ar a laghad I ndiaidh Article 50 de chonradh Aontacht na hEorpa a bheith fógartha ag rialtas na Breataine Móire beidh idirbheartaíocht ar siúl ag eagrú an dóigh is fearr chun an bhratimeachta a chur I gcrích.  Tá sé tuartha ag na saineolaithe gurb í an tréimhse gan socraithe a bheith déanta idir an Riocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach an tréimhse ina mbeidh an neamhchinnteacht is contúirtí ó thaobh geilleagair na hEorpa de. Is é an chontúirt is mó maidir le h-Éirínn ná go dtiocfaidh laghdú suntasach ar easpórtálaithe na tíre seo agus de bharr sin go dtiocfaidh laghdú ar ár dtairgeadh earraí agus ar ár n-olltáirgeacht náisiúnta. Níos measa fós, maítear go bhfuil faitíos ar chuid mhaith de cheannairí an Choimisiúin Eorpaigh go dtarlóidh an rud ar a dtugtar an éifeacht domino ar fud an Aontas Eorpaigh ionas go mbeidh tuilleadh stáit ag reáchtáil reifrinn maidir lena gcuid ballraíochta.


Cé is moite den Ghearmáin is í Ríocht na Breataine an tír is láidre san Aontacht Eorpach agus an cúigiú tír is treise sa domhan ó thaobh geilleagair de; de dheasca sin beidh cumhacht faoi leith aici san idirbheartaíocht leis na ballstáit eile sula scaoilfear an ceangal dleathach atá eatarthu.  Ansin beidh ceart ag an Ríocht Aontaithe an deis a fháil chun  coinníollacha cánach níos tarraingtí a chur I bhfeidhm a spreagfadh Infheistíocht eachtrach ag tuilleadh comhlachtaí ilnáisiúnta.  Dá n-éireodh le  Sráid Downing a leithéid de bhuntáistí cánach a chur I gcrích Bheadh an dochar ann go ngoillfeadh sin ar gheilleagar na hÉirinn, mar go meallfaí cuid de na comhlachtaí siúd amach as ár dtír seo..  chomh maith leis sin is fiú thart faoi chaoga billiún euro in aghaidh na bliana an trádáil idir muid agus an Ríocht Aontaithe: ciallaíonn sin go bhfuil baint faoi leith againn léi nach bhfuil ag ceann ar bith de na tíortha eile.


Feictear dúinn gurb é an dóchas is mó atá ag rialtas na hÉireann ná go mbeidh méadú mór ar an difríocht idir chánacha custaim Riocht na Breataine Móire agus  siúd atá I bhfeidhm san Aontas Eorpach; agus go mbeidh éiricí le híoc ag comhlachtaí atá I  mbun easpórtála as an Ríocht go dtí na ballstáit.   Faoi láthair cuirtear tuairim is fiche seacht faoin gcéad de chostas ar earraí ag teacht isteach thar teorannacha tíortha an Aontais Eorpaigh ó thíortha nach bhfuil páirteach ann.  Is é an rud atá Éirinn ag dúil le ná go dtiocfaidh cuid mhaith de na comhlachtaí siúd anseo chun fáil isteach níos fusa ar mhargaidh na hEorpa cibé rud a dhéanfaidh Sráid  Downing..  De réir cosúlachta  tá fianaise ann go bhfuil an I.D.A i dteangmháil  le ar a laghad 1,200  comhlachtaí ilnáisiúnta ag cur in iúil dóibh go mbeidh Éirinn ag cloí leis an ráta 12.5% cánach corparáide. Creideann an rialtas go mbeidh Éirinn in ann tuilleadh infheistíochta a mhealladh chun na tíre má choinnítear an ráta cánach mar atá sé.


I gcuideachta leis na lamháltais I gcúrsaí cánach corparáide tá stádas faoi leith ag Éirinn mar dhlínse dlí choiteann atá cosúil le córas dlí na Ríochta Aontaithe.  Chomh maith leis sin tá rialtas na hÉireann ag maíomh gur leosan an geilleagar is mó fáis san Aontas Eorpach faoi láthair agus go bhfuil an lucht oibre óg, díograiseacha agus ardoilte. Más caint mhealltach agus bolscaireacht atá riachtanach chun na tíre a chur chun cinn geallaim duit nach mbeidh caill ar bith ar Phaddy.


Is dócha freisin go mbeidh tionchar ag scor Ríocht na Breataine ón Aontas Eorpach ar shoghluaisteacht lucht saothair agus saorghluaiseacht daoine trasna na Mór Roinne: táthar ag siúl go mbeidh cuid de thionsclaithe agus oibrithe na Ríochta Aontaithe ag triall ar bhallstáit an Aontas Eorpaigh agus go mbeidh imircigh ó oirthear na hEorpa ag  cuartú dídine I Ríocht na Breataine.  Is féidir áfach  go mbeidh níos mó de imircigh no de oibrithe ag triall ar Éirinn ─ go hairithe  mar cúl dorais chun na Breataine.


O thaobh Tuaisceart na hÉireann de is cosúil go bhfuil fadhbanna móra le sárú: An dtiocfaidh an teorainn chruaidh ar ais arís? An gcaillfidh feirmeoirí an Tuaiscirt na deontais atá faighte acu go dtí seo? An ndéanfar damáiste do chonradh Aoine an Chéasta? Agus Dá mbá mhaith le Tuaisceart na tíre a bheith aontaithe le Poblacht na hÉireann cá bhfaighfí an t-airgead chun sin a mhaoiniú?  Faoi láthair tá rialtas na Breataine ag bronnadh tuairim is fiche billiún euro in aghaidh na bliana ár Thuaisceart na hÉireann.   Maidir leis na tairbhí a bhaineann an Tuaisceart as sin, tá an córas leasa shóisialaigh agus  an córas sláinte faoi Ríocht na Breataine I bhfad níos fearr ná mar atá siad I bPoblacht na hÉireann.


Má chuirtear teorainn cruaidh I bhfeidhm beidh comhlachtaí I nDún na nGall thíos  go mór leis: mar tá an teorainn thart ar an chontae sin uilig.   De dheasca sin, má bhunófar ionaid seiceála ar an teorann nó in áiteacha atá giota beag ar shiúl ón teorainn cuirfear moill ar thaisteal agus ar thrádáil ón cheantar sin den Phoblacht go Baile Átha Chliath.  Goillfidh sin go háirithe ar ghnóthaí a mbíonn ag easpórtáil  ó Bhaile Átha Chliath go dtí an Mór Roinn tríd an Bhreatain. Faoi láthair gabhann ochtó faoin gcéad de earraí trí Dover ar a mbealach ón tír seo agus iad ag triall ar an Mór Roinn.


Is oileán beag í Éireann nach bhfuil margadh mór intí: de thoradh sin tá a geilleagar ag brath ar tairgeadh earraí faoi choinne easpórtála  Má chuireann aor chonstaic isteach ar sin ní bheidh sé ar son a leasa.  Céad bliain I ndiaidh Éirí amach na Cásca tá cuid mhaith de mhuintir na hÉireann ag tnúth le Ríocht na Breataine gan a sean chomharsa a fhágáil amuigh sa bhfuacht.
 


Website design by dmac media